Líonra réidh le haghaidh gáis in-athnuaite
Trí ghás nádúrtha a athsholáthar de réir a chéile le gáis in-athnuaite, amhail bithmheatán agus hidrigin glas, tá Líonraí Gáis Éireann ag obair chun líonra gáis glan-nialas carbóin a sheachadadh faoi 2045 agus chun astaíochtaí a laghdú i roinnt earnálacha tábhachtacha, lena n-áirítear iad siúd a bhíonn deacair a dhícharbónú de ghnáth, amhail iompar, talmhaíocht, tionscal agus giniúint cumhachta.

Bithmheatán
Is gás in-athnuaite neodrach ó thaobh carbóin de é bithmheatán a dhéantar as dramhaíl feirme agus bia trí phróiseas ar a dtugtar díleá anaeróbach. Thosaigh sé ag sileadh isteach sa líonra gáis in 2019 agus is é an chéad chéim i dtreo todhchaí fuinnimh níos glaine é.
Foghlaim níos mó
Hidrigin glas
Is gás saor ó charbón é hidrigin glas (H2) is féidir a tháirgeadh ó leictreachas in-athnuaite agus atá oiriúnach go maith le haghaidh stórála, rud a fhágann gur rogha tharraingteach é chun córais fuinnimh a dhícharbónú agus todhchaí fuinnimh níos glaine a thiomáint.
Foghlaim níos móPathway to a Net Zero Carbon Network
Tugann ár Pathway to a Net Zero Carbon Network sonraí faoi thuras claochlaitheach i dtreo líonra gáis athchuspóireach, athmhéide agus dícharbónaithe go hiomlán faoi 2045.